School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teacher: Tomás Mac Fhionghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 47
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biadh na sean-aimsire.I bhfad ó shoin ní rabh oiread bidh ag na daoine le h-ithe a’s tá acu ins an am atá i láthair. An chead béile a bhíodh acu ar maidín, sé préataí a bhíodh acu. In amannaí ghnídheadh siad arán as préataí, darbh’ ainm bocstaí agus d’itheadh siad é ar maidín. Ag an dó-dhéag ó chlog, bhíodh am dinneára acu agus thigeadh siad isteach agus d’itheadh siad a sáith. Bhíodh na daoine amuigh ag obair roimh an chead bhéile ar maidín. D’itheadh siad préataí go minic i bhfad ó shoin. Oltaí bainne na ngabhar go minic i bhfad ó shoin.
Bhíodh an tábla in aice an bhalla ag am bídh, chuirfeadh siad i lár an urláir é. Is annamh a bhíodh feoil acu. Gheibheadh siad iasg go minic mar bhíodh iasgaireacht mór ann ins an am sin, agus shailleadh siad na h-éisg fá choinne iad a chongbhail beo ar feadh na bliadhna. Ní bhíodh arán geal, nó tae no subh acu i bhfad ó shoin, agus bhí na daoine cuid mhaith níos folláine na mar tá an mhór chuid acu anois a bhfuil go leor le h-ithe acu.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 87
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal