School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 301
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An chuinneog.Tá an chuinneog déanta de adhmad agus tá sí fá thuairm slat agus dhá throighte in áirde agus troigh ar leithead. Tá tóin na cúinneoige tuairm an trí ceathramhadh cuid de slaite ar leithead agus tá béal na cuinneóige tuairm slat ar leithead. Tá clár ar an bhéal agus tá poll ann fá choinne an lonthaidhe a chur aníos agus síos. Tá an lonthaidhe déanta de adhmhad posta. Nuair a bhíonn go leór bainne ag bean an toighe fá choinne maistriugadh a bhuaileadh cuireann sí é isteach ins an chuinneog, agus buaileann sí féin an bainne an cead uair, agus annsin nuair a bhíonn sí tuirseach, buaileann fear an toighe é go mbíonn im ar an bainne. Nuair a bhíonn an t-im ar an bhainne stadann fear an toighe, agus togann an bhean an t-im de’n bhlathach le spád beag fá coinne im agus cuireann sí an t-im isteach i dtobán bheag ghlan a mbíonn an t-im ann igcomhnuidhe agus fágann sí an tobán in áit fhuar. Nuair a bhíonn seo uilig déanta aicí, ghnidheann sí suas an t-im i na phunntaí agus i na leath phunntaí agus díolann sí an chuid is mó de’n im seo ins na siopaí(continues on next page)
- Collector
- Méadhbha Nic Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal