School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 273
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luibheanna.
    Tá cuid mhór seort luibheanna ag fás fá’n cheanntar ins an am i lathair. Fásann an chuid is mó aca seo ins na cuibhreainn. An luibh is coitcheann fá’n áit seo sé Garlóg. Tá an gharlog maith fá dó choinne nuair a bhíonn an sladán ort. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé ballain buidhe, an t-ainm atá air. Ní itheann duine ar bith na ballan bhuídhe acht na h-ainmidhthe. Sé súile buidhe luibh eile atá ag fás annseo, fásann siad i locha agus i bpurtaigh. Fasann na luibheanna ins an t-Samhradh agus i dtús an Geimhridh. Tá cois chaoil ar na súile buidhe agus ceann cruinn buidhe air. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé an tainm atá air sé sláich. Fásann sé síos ar an talamh agus ní éirigheann sé suas ar chor ar bith. Tá dath bán ar an chuid a bhíonn shíos ar an talamh agus tá dath glas ar an chuid eile de. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé coll faithche an tainm atá air. Tá go leor aca ag fás annseo agus sé dath glas atá ortha. Ma chuireann tú do lámh chór ceann ata bhruithfeadh sé thú. I bhfad ó shoin bheireadh na sean daoine an coll fáitche isteach agus chuireadh siad uisge té ortha. Annsin bheireadh siad iad dó na ba. Tá luibh eile ag fás annseo agus sé siolastar an t-ainm atá air. Fásann an siolastar i locha agus i bpurtaigh agus in áiteacha bog. Tá an siolastar coitcheann fa’n áit seo, mar go bhfuil go leór purtaighm agus locha annseo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Cathal Mac Giolla Bhrighde
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal