School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 230
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainmidhte Allta.
    Giarrfhiadh, An asal, an coinín, an broc, an mactíre, agus an easóg. Bíonn na madaidh ruaidhe beó faoi na carraigeacha an áit nach dtig leis na madaidh a theacht na gcóir. Gnidheann an madadh ruadh sgrios mór ar na daoine. Goideann an madadh ruadh lachain, cearca agus caoirigh. Uair amháin chuaidh an madadh isteach i gcró cearc mar bhí ocras air. D'ith sé barraideacht agus ní rabh sé ábhalta a theacht amach aríst. Luighe sé síos agus luig sé air féin go rabh sé marbh. Nuair a thainig bean a' toighe amach shil sí go rabh sé na choladh. D'imthigh sí fa choinne spáid agus nuair a thainig sí aríst bhí an madadh ruadh ar shiubhail. Ainmhidhe beag atá ins an ghiarrfaidh agus bíonn a chuid feola iongantach maith le hithe. Bíonn sé beó ins na cnuic agus leanann na daoine iad le coin. Ainmhidhe mór atá ins an asal agus tá léigheas ins an bhainne a bhíonn aicí. Oibhruigheann an asal dúinn fosta. Ainmhidhe beag atá ins an choinín agus gnidheann sé sgrios mór ar an bhárr. Itheann siad préataí, coirce, agus glasraí ar na daoine agus bíonn na daoine na suidhe luath le greim a fhaghail orta. Ainmhidhe beag atá ins an bhroc tuaram go mór le madadh. Tá siad iongantch dalbha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Eamonn Ó Buadhaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Siadhail
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal