School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 224

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 224

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 224
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mórán bóithre ins an ceanntar seo, agus tá siad ag síneadh gach treó. Tá bothar ag gabhail ó Dhumhaigh go Baile na nGalloglach, agus go Craoslach. Tá bealach mór eile ag gabhail ó Dhumhaigh go Corrach, agus ó sin thart go dtí an Mheall Mhór no go dtí Cluan Tallach. Tá bóthar eile ag gabhail go dtí na bothain Rosapeanna, agus go dtí an t-oileann. Tá mórán sean bhóithre ins an ceanntar fosta acht cóirigheadh an chuid is mó aca le cúpla bliadhain. Tá sean bhealach ag gabhail ó Rosapenna go Craoslach agus gnidheann na daoine úsaid mhór dó go foill. Tá bealach eile ag gabhail ó Dhoire Chasain Bheag go hÁrd Bán uachtarach agus ó shin go dtí an Machaire Bhig. Tá bealach eile ag gabhail ó Dhoire Chasain Beag go Cnoc na Marbh, agus ó sin go dtí Cluan Tallach. Gnidheann na daoine usaid de na bealaigh mhóra seo go fóill mar go bhfuil aithgiorra mhor ionnta. Bhí sean bhothar ag gabhail as an áit seo go Tearmann fríd na cnuic agus ó sin go dtí Craoslach. Ibhfad ó shoin nuair nach rabh bealaigh móra ar bith sa'n tír b'éigeann dó na daoine siubhal leobhtha fríd na cnuic ag cuartughadh sean chasain le siubhal ortha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Cathal Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Mac Giolla Bhrighde
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal