Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 223
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá léar boithre ins an ceanntar seo, agus tá sean chasain ins an ceanntar seo fosta. An cuid is mó de na boithre atá ins an ceanntar seo anois, ba (?) iad casain a bhí ag na sean daoine i bhfad ó shoin. Tá bealach mór amhain atá seo ag gabhail go dtí an Craoslach agus go dtí gach baile ins an Chonndae seo. Na casain bheaga seo uilig a bhí ag na daoine i bhfadh ó shoin tá bealaigh mhóra déanta dobhtha anois. Ní rabh usaid ar bith ag na daoine i bhfad ó shoin de bhealaigh móra mar ní rabh gluaisteáin nó busannaí ar bith ag gabhail an t-am sin. Tá bealach mór ins na Dunaibh agus tá sé ag gabhail go Carraig Áirt agus ó sin go dtí Baile na Gallóglach. Tá bealach ag gabhail go Dúmhaigh agus tá sé ag gabhail go Corrach agus ó sin go Gleann Raithnigh. Fosta tá bealach mór ag gabhail ó Dhoire Chasain go Baile an tSéibhe. Ins an tSamhradh is mó a bhíonn gluaistéin ag daoine ar na béalaigh mhóra.
Fuair mé an scéal seo ó Mhicheal Mac Pháidín. Tá an fear sin seasgach bliadhain dó aois. Fuair sé an scéal sin ó na athar mór. Fuaras an scéal seo ins an bliadhain 1823.- Bailitheoir
- Méadhbha Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal