School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 218
  3. XML “Filí an Bhaile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bhfad ó shoin bí cuid mhór filí thart fán cheanntar seo ach tá an chuid is mó aca seo marbh le cúpla céad bliadhain. An fíle a b'fearr nó bhí thart fán áit bí Micheal Ó Gallchobair, Gortamora, Na Dúnaibh. Thiocfadh leis filidheacht a dhéanadh fá rud ar bith. Bhí fear eile shuas ar an Mhachaire Bhig darbh ainm Cathal Ó Buadhaigh agus bhí sé iongantach maith ag déanadh dántaí fosta. Rud beag ar bith a bheadh déanta ins an áit, thiocfadh le Micheal Ó Gallchobhair dán mór fada a dhéanadh fá sin. Bhí fear eile shuas in nDoire Chasain darbh ainm Seamus Ó Brodraigh, Doire Chasain, Na Dúnaibh. Rinne Micheal Ó Gallchobhair dán uair amháin fá badaí a cailleadh tuairm dhá cead bliadhain Ó shoin. Rinne sé dán fá sin agus bhí iomradh mór air in gach áit bhí an dán comh maith sin déanta. Bhí fear síos ar an Bhaile Láir darbh ainm Micheal Ó Canainn agus bhí seisean iongantach maith ag déanamh filidheacht. Shíos annsin ag an Druim Ruadh ag taobh na fairrge tá oilean beag le feiceal gach seacht mbliadhna agus dá bhfeicfea féin an t-oilean sin agus cloch a chaitheamh isteach air bheitheach féin in a Rí air. Rinne Micheal Ó Canainn dán fán oileann sin agus bhí sé iongantach deas. Bhí na dántaí sin mar amhráin ag na daoine i bhfad ó shoin agus nuair a bhéadh siad as damhsa no ag rud ar bith mar sin, sin na amhráin a bhéadh aca i gcomhnuide.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinnsias Mac Laithbeartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Seamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal