Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bréagáin agus caitheamh aimsire.
    Bíonn cuid mór caitheamh aimsire ag na páistí sa’n ait seo. Bíonn bádaí beaga ag na gasraí agus bíonn seol aca ar na bádaí seo, agus bíonn siad amuigh a gcur amach ar snámh ar gach loch a bhíonn thart sá’n áit. Bíonn cuid eile de na páistí agus bíonn siad amuigh sá’n áit a bhfuil cuid mhór gaineamh agus bíonn siad ag déanamh toighthe beaga agus caisleán leis an ghaineamh. Bíonn an mhór cuid aca fosta, agus bíonn dolaí curtha aca le bréith ar coiníní. Bíonn gaistí curtha aca fosta ins na cuibhrinn agus beireann siad ar chuid mhór éanacha ins na gaistí seo. Ins an t-Samhradh cruinnigheann cuid mhór de na gasraí beasga le chéile agus imthigheann siad ó cuibhreann go cuibhreann a chuartughadh neadrach. Bíonn cuid de na gasraí beaga agus nuair a gheibheann siad nead briseann siad na h-uibheacha agus annsin fágann an t-éan an nead sin agus dhéanann sé a nead in áit eile. Bíonn cuid eile de na buachaillí agus nuair a gheibheann siad nead, ní innsigheann siad é dó dhuine ar bith agus nuair a tharann na h-éanacha beaga amach bheireann siad biadh chuca go minic. [Las]? an Gheimhreadh bíonn sport mór aca fosta amuigh ins an t-sneachta ag caitheamh sneachta ar a chéile. Ins an cuibhrinn Earrach bíonn siad amuigh ag déanamh cuibhrinn bheaga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Mac Laithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Donegal