School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 211
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bréagáin agus caitheamh aimsire.
    Tá cuid mhór bréagain agus caitheamh aimsire ag na páistí ins an cheantar seo. Bíonn a gcuid bréagain agus caitheamh aimsire féin ag na gasraí agus a gcuid bréagain féin ag na cailíní. Bíonn na cailíní ag déanadh babógaí amach as éudach agus is páipear agus ag déanadh gúnaí dóibh. Fosta ghnidheann siad cliabhain as páipear chruaidh agus cuiureann siad na babogaí isteach ann. Fosta bíonn siad ag déanadh siopaí le bocsaí cipiní. Fosta bíonn siad ag imirt scoileanna leis na babogaí agus bíonn siad ag cur igcéill go dtig leis na babogaí labairt. Bíonn cuid mhór bréagain ag na gasraí beaga agus seo cuid aca. Bíonn siad ag déanadh badaí de bocsaí stáin agus gnidheann siad séoltaí de éudach dobhtha agus cuireann siad iad amach ar na locha. Fosta bíonn siad ag déanadh toighte beaga de chlocha agus gheibh siad clocha beaga cruinne agus bíonn siad ag déanadh bo dóib agus cuireann siad amach gach máidín iad agus isteach ins na toighthe beaga sa’n oidhche. Fosta ghnidheann siad páirceanna beaga agus cuireann siad coirce agus preataí [ionnta]? Ins an Gheimhreadh bíonn na gasraí ag déanadh fear sneachta agus annsin ghnidheann siad liathróidí sneachta agus leaghann siad na fir sneachta. Fosta gnidheann siad caisleáin ins an ghaineamh le spádaí agus le bucaidí beaga. Fosta gnidheann siad siopaí agus bíonn siad ag fághail gach seórt [criafóg]? fá coinne tae suchra plúr agus dó réir sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal