School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bréagáin agus caitheamh aimsire.Is maith le gach gasúr agus gach cailín a bheith ag déanamh bréagáin mar caitheamh aimsire. Bíonn na cailíní ag déanamh babogaí de shean éaduigh agus de pháipear agus annsin nuair a bhíonn siad déanta suidheann siad síos agus gnídheann siad cultachta deasa doibh. Bíonn cuid eile aca ag déanadh toighte de cipíní bheaga agus bíonn cuid eile aca ag déanamh muca agus fear ba de lób. Ins an Ghreimhreadh nuair a bhíonn an sneachta ar an talamh bíonn siad ag déanamh fear sneachta agus ag caitheamh sneachta ar a chéile. Ins an t-Samhradh bíonn na cailíní beaga ag déanamh toighte beaga ins an ghaineamh. Bíonn buicéadaí agus spáidí aca agus bíonn siad ag déanamh caisléan ar an ghaineamh. Bíonn siad fosta ag déanamh badaí ins an ghaineamh. Bíonn na gasúraí ag déanamh bádaí de pháipear agus de adhmad agus de bhocsaí stáin agus bíonn siad ag déanamh seoltaí de éadach dóbhtha agus annsin cuireann siad iad amach ar na loca. Fosta bíonn siad ag déanamh toighte beaga de clocha beaga agus bíonn siad ag déanamh asail de pháipear agus dá gcur isteach ins na toighte beag seo. Bíonn na buachaillí ag déanamh gunnaí de chipiní agus ag caitheamh uisge leobhtha.
- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Padraic Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal