School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 200
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósáidhthe.
    Ní phósfadh duine ar bíth i mí na Bealtaine i bhfad o shoin mar go rabh an mhí sin mí-adhbarach. Bhíodh na daoine ag déanamh cuid mhór cleamhnais. Nuair a phósadh daoine, béarfad lucht na bainse cupáin, plátaí, troscán toighe, im, uibheacha, agus muic fheoil, dobhtha mar pronntanas. Ins an oidhche a phósadh iad agus béadh muinntir na tuaithe uilig leobhtha. Bhéadh fear ina neasc agus buideál uisge beatha leis. D’ólfadh gach duine braon dé’n uisge bheatha, agus bhéadh siad uilig ólta. Bhéidh an bhríghdéog agus an fear comh h-ólta sin agus nach mbéadh siad ábalta na focla a rádh indiaidh an t-sagairt. Ní chritheadh an bhríghdeóg a dath glas mar go rabh sé mí-adhbharach. Is iomdha uair a goideadh an bhríghdeóg. Ní éadach geal a bhéadh ar an bhríghdeóg an t-am sin mar atá anois. Mhairfeadh an bainis cupla lá agus bhéadh gach duine ann ag déanamh gach uile cineáil spóirt agus aoibhneas. Bheadh féasta mhór réidh do gach agus d’itheadh siad a sáith. Ní bhéadh duine ar bíth ábalta a dhath a dheánamh bheadh siad comh claoidhte sin indiaidh an bhainis. Bheadh cuid acu comh ólta sin agus go mbéadh siad ag cur troda ar lucht na bainse. Bhéadh siad ag briseadh fuinneogaí an toighe agus ag cáitheamh cloch ar an teach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Dochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Dumhaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Dumhaigh, Co. Donegal