School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 195
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósaidhthe.Ins an t-sean am ba gnathach leis a daoine pósadh idir an nodlaig agus an Chongais agus phósadh an chuid is no acu ar an [luan]? roimhe na daoine [luaithreadh]? Ba Dia Máire agus diardaoin a ba gnathach leobhtha pósadh, agus deireadh siad go rabh sé mío-adhbharach pósadh Dia Sathairn no Dia [na]? daoine. Ba ghnathach le cuid mhór daoine pósadh ní na Bealtaine mar deirtear go rabh sé (mío) adhbarach pósadh ins an mí sin. Ins an oidhce a phósadh na daoine [fosta]? agus bheireadh siad leobhtha sgaifte mhór daoine agus cupla fidileóir le seinim go teach a’ Phobail agus nuair a bhéadh lánamhain pósta thiocfadh siad uilig un’ a bháile agus bhéadh oidhche acu go maidín. [ach] duine a thiocfadh fhad leis an teach gheobhadh iad cuireadh isteach agus bheadh uisge beatha agus póitín agus tac agus feóil le fagháil acu. Bhéadh a daoine ag damhsa agus ag ceól fósta agus bhéadh spórt mór acu. Geobhadh an bhrídeog troscán tóighe agus stoc agus soithigh agus iarraidhe dó’n bhrídeog agus [uideochaidh]? na rudaí sin leis an fhéasta a dhéanamh.
Ní chaitheadh an bhrídeóg culaith glas no éadach glas nuair a bheadh sí ag fághail pósta nó deirtear go bhfuil éadach glas mín ádhbharach. Nuiar a bhíonn na daoine ag fághail pósta anois téigheann siad a Teach a’ Phobail, ar maidín agus bíonn aifreann [acu]?, acht ní bhéadh aifreann ar bíth acu fhad ó shóin.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Concubhair Ó Buadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal