School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 173

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 173
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Daoine Cáileamhla.
    Bhí fear na comhnuidhe i nDóire Chasáin a thug léim deich slata ar fad, agus is iomdha duine a thug iarraidh an léim sin a dhéanamh, acht ní rabh siad ábalta. [sna]? fir a bhí ag cóimhéad air sé Domhnall Mac Laithbheartaigh, Séamus Ó Gallchobhair, Séamus Mac Laithbheartaigh, agus Pádraig Ó Luadhóg an t-ainm a bhí ar an fhear sin sé Seán Ó Oireachtaigh, Dóire Chásain, na Dúnaibh. Fósta an Domhnach na dhiaidh sin chruinnigh mhór. Ba é Domhnall Mac Laithbheartaigh, agus Pádraig Ó Luadhóg an bheirt a ba fhuide a bhí ábalta an chloch a chaitheadh. Bhí na fir eile ag tabhairt iarraidh an chloch a chaitheadh fhad leobhtha. Fa dheireadh tháinig Seán Ó Oireachtaigh ar aghaidh agus thóg sé a chloch, chaith sé i, agus chuir sé í dhá shláit tháire gach duine. Is iomdha duine na dhiaidh sin a thug iarraidh an chloch a chaitheadh fhad leis acht ní rabh sé ábalta. Bhí Séamus Ó Gallchobhair nuair a bhí sé óg ábalta breith ar ghiarrfhiadh, agus bhéadh sé abalta siubhail go Carraic Áirt agus arais i leath uaire. Bhí Niall Mac Ghiolla Cheara iongantach láidir fósta, acht an fear a ba láidre fa Dhoire an Chasáin sá’n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheal Mac Laithbeartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Sean Ó hOireachtaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal