School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 167
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanchas i dtaoibh na h-aimsire
    Nuair a bhíonn storm ag teacht, eirigheann an spéir iongantach dubh, theigheann an ghrian i bhfolach, eirigheann fáinne mór thart ar an ghealach, agus biónn na réalta iongantach geal. Nuair a biónn scamaill geala le feiceail ins an spéir sí comhartha olc, agus fosta nuair a bhíonn scamaill dhubha ins an speír sin é comhartha olc fosta. Nuair a bhiónn an madadh in a luighe ar a dhruim no ag ithe feír is comhartha baistighe é. Fosta nuair a bhíonn na h-éanacha ag eiteall go h-íseal sé comhartha droch aimsear é. Fosta nuair a bhionn na géacha fiadhaine le feiceáil in a dha dhream bheag ag tarraingt ar na cnuic, is comhartha mor fearthanna é. Nuair a bhionn an cat in a shuidhe agus a dhruim leis an teinidh, bíonn fhios agat go bhfuil storm ag teacht. Nuair a bhíonn sneachta ag teacht téigheann na caoirigh uilig isteach faoi na carraiceacha agus fanann siad annsin seachtmhain roimhe an tsneachta. Nuair a bhíonn storm toirnighe ag teacht éirigheann an spéar geal fosta nuair a bhíonn na cnuic iongantach dúinn is comhartha olc e.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Cathal Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Padraig Ó Gallcobhair
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal