School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 147
  3. XML “Saibhreas i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Saibhreas i bhfolach
    An áit a bhfuil saidhbhreas atá mé ag gabhail a thracht air i bhfolach [s]é ar "Caiseal", Se sin cnoc árd atá ins na Dúnaibh. Deir na sean daoine gur na sidheogaí a chuir annsin é fad ó shoin agus go bhfuil sé síos tuairim fiche troigh faoi'n talamh agus go bhfuil cat mór fiadhanta [su]idhe ag coimhead an t-saidhbhris i gcomhnuidhe. Deir na daoine gur astoigh i bpóta óir atá sé. Nuair a tháinig na Lochlannaigh go h-Éirinn [t]áinig cuid acu i dtír ag céidhe na nDúnaibh agus thóg siad cáisleán ar chnóc Chaisil. Tá bealach ag teacht anuas ó'n chaisleán agus chualaidh [s]iad go rabh póta óir i bhfolach ins an bhealach [s]eo. Thug siad leo piocoidí agus sluaiste agus [c]uaidh siad amach. Romhair siad an talamh [ui]lig agus cha dtáinig siad ar an phóta. D'éirigh siad tuirseach nuair a tháinig an óidhche agus[c]uaidh siad isteach 'na' chaisleáin agus cuaidh [s]iad a luighe. Tháinig fear eile amach annsin [a]gus nuair a bhí sé amuigh tamall beag chonnaic [s]é an t-ainmhidhe mór fiadhanta ag tarraingt [a]ir, agus thug sé iarraidh téitheadh, acht léim [a]n cat air agus dhiúil sé a chuid fola. [N]uair a bhí an ghrian ag eírghe ar máidín [b]í siad amuigh aráist agus nuair a chónnáic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhuadhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Siadhail
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal