School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 263
  3. XML “Tiarnaí Talaimh i gCluain Dá Chorcach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am fadh ó bí an paroíste seo uilig faoi Mac Suibhne na dTuath, acht nuair a bhí an cogadh mhór thart san bliadhain 1603, sé Maolmuire an Bhata Bhuidhe a bhí mar ceann uarraidh ar an áit uilig. Tar eis imtheacht na h-Iarla san bliadhain 1607 agus nuair a cuireadh síos éirigh amach an Ó Dochortaigh san bhliadhain 1608 bhí an fear uasal deireanach de'n sean gaedheal ar lar annsin agus connacthas do Rí Shasan annsin go dtáinic an t-am le na muintear feín a dhíol go maith.
    Ar an adhbhar sin fuair se greim ar talamh de Cúige Uladh agus thoisigh sé ag rannadh e idir daoine as Sasan agus Alban. Cuireadh an tóir ar Mhaolmhuire an Bhata Bhuidhe as Chaisleán na dTuath, agus cha rabh faghthu aige as an roinnte mór talaimh a bhí faoi, act amháin Coran Binne agus giota beag talam comhgarach de. Sé duine uasal as Sasan dar ainm Sanford a fuair an caisleán agus roinnt maith talaimh thart fa dtaob do. Tá leach os cionn uaigh na daoine seo a bheith le feiceal san sean-roiligh i n-aice an Chaisleaín go foil.
    Acht sé na HARTES a bhí mar tighearnaí thalaimh san caisleán síos go dtí an bliadhain 1866. San bliadhain sin dhíol na Hartes an caisleán agus sé Stúbhairt as an Ards a ceannachg e. Bhí an Caislean agus an talaimh a bhí leis le na Stubhairtí síos go dtí an bliadhain 1924 nuair cheannuigh Comisiúin an Talaimh e. De reir Seanacus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir