School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 260
  3. XML “Seanáiteacha”
  4. XML “Cluain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fa'n tigh, agus Poill ionthú le gunnaibh a sgaoileadh amach friobhtha.

    CILL MAC LUGHAIDH
    Sin bhaile talaimh comhgarach leis an Craosloch annseo. Is cinnte go rabh fear naomtha dar ainm Lughaidh na chomhnuidhe annseo san am fad ó, bfeidir go rabh mainistear beag aige, acht níl a gath faghtha ann anois acht sean-roiligh acht ní'l cuimhne ag daoine atá beo annseo anois cá h-am a rabh corp curtha ann, acht tá na sean uaighannaí a bheith le feicheal ann go fóil.

    TOBHAIR MHAR AN EASA
    Tobair bheannuigh e seo i Mar an Easa comhgarach leis an Craosloc. Nuair a bhí Colm Cille ag dul go Torach tháinic sé comh fada le Mar an Easa trathnona amháin, agus bhí se tuirseach ocrach. Dubhairt se leis féin go gcaitfeadh sé an oidhche annsin agus rinne.
    Stad se go maidín comhgarach le tobar beag ag bun Earraige. Ar maidin nigh se e féin ins an tobair agus nuair a bhí sin deánta aige chuaidh sé síos ar a dhá ghlún i gcois an tobair agus dubhairt se a cuid uirrnighe, agus nuair a bhí seo deánta coisricthe sé an tobair agus o'n lá sin go dtí an lá indiu se tobar beannuighthe atá ann, agus deanann leir daoine cuairt ar an tobar seo achan bliadhain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá an áit seo míle amháin as an Craosloch, ar an bheallach mhor idir an Craosloch agus an Dúnfionnacaid. Tá sean roiligh annseo agus cuirtear corr corp ann go foil.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.