School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 227
  3. XML “Stair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'San am fad ó is cinnte go rabh troid miltineach i gCorain Binne. Tá sé ins an stáir go rabh troid ar Óilean Thoraigh idir Clan Nímidh agus na Fomhoraigh, acht se baramhail na daoine thart fa'n áit a rugadh agus a togadh me go rabh cath miltineach eile eadarthu ar chladac Corain Binne go direach os choinne Óilean Thóraigh. Tá trágh deas gainimh ar an iartháir de Chorain Binn agus machaire deas feárach ag síneadh isteach o'n traigh. Se Poll a' gCill, ainm an trágha, agus sé Marbhathach ainm an machaire. Thart fa'n trágh seo agus agus ach a'n áit fríd an macaire, piocann daoine suas, anois agus arais cheann sleaga, deánta de giotaí cloiche, - rudaí deasa ar fád atá ionntu - agus corr ceann tuagh deánta as cloca fosta, agus caidé an dóigh a fuair an oiread acú annseo? Bhí ceadtaí acu cruinngiste suas agus lá amháin agus ceithre cionn sleag, ní fhaca me ariamh rudaí ní badh deise na iad. Sé mo bharamhail féin go rabh troid go dtí an bhaís san lug beag seo agus gur thuit ceathair fear dé thaobh amháin agus fear amháin de'n tú eile. Thart fa dtaob an Marbhathach tá na rudaí ceadna a bheith le faghail, agus ins an ghainimh den deascirt fuaireadh chramha daoine, agus ornaidí deasa.
    Is cosamhail nuair a b'eigean do clann Nimhidh a theiceadh as Toraigh go dearn siad iarraidh a theacht id tír ar Poll a' Ghuil, gur lean na Fomhoraigh iad agus go dtáinic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir