School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 221
  3. XML “An tÓr a Fuair Domhnall Ó Stráin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'San ceart-lair de Chorain Binn tá lag deas idir dhá chnoc. Ait uaigneach atá ann agus níl ins an lág sin acht teaglach amháin. Fa thuairm trí scór bhliadhain o soin bhí an gleann deas seo le fear dar ainm Séamus O Stráin. Bhí dhá mhac ag an fear seo - Domhnall agus Liam. Sé Domhnall an fear a ba shinne. Bheadh sé fa thuairm fice bliadhain de aois ag an am. Oibre maith a bhí ann agus bhí se i dtolamh ag briseadh suas talamh úr, agus ag deanamh cuibhreannaí úra agus bheadh a dhearbhrathar óg ag cuideadh leis.
    Bhí pairc maith amháin ann, acht bhí se a dtolamh faoi féir fhádh agus bhí Domhnall a chuímne air. Thainic se isteach trathnóna amháin nuair a bhí obair an laé deánta aige, agus shuidh siad uilig thart agus thoisigh siad ag cainnt fa dtaobh suid agus seo. Tá ainm ar gach cuibreann ag na daoine amuigh 'san tír, agus se Cuibreann an Chairn a bhí a acú ar an cuibhreann seo, atá me ag cainnte fa dtaob do cionnus go rabh chairn mór cloiche i gceart-lair an cuibhrinn seo.
    "An bhfuil fhios agat a athair caidé bhí me ag smaointeadh ar indiu? arsa Domhnall le na h-atair.
    "Bhal," níl fhios agam go díreach," ars' an t-athair.
    "Bhal," arsa Domhnall, "bhí me ag smaointeadh go treabhfeas (?) muid Cuibreann an Chairn an bliadhain seo. Sé bliadhanta anois ó bhí barr ar bith ann, agus tá mé cinnte go mbeadh arbhar maith ann an bliadhain seo cughainn,"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáín
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir