School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 193

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 193
  3. XML “An Cailín Bródúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fuair mé an sgeal beag seo o'n ghiorrsaigh ceadna, i, Gráinne Nic Pháidín. Fuair sise o na mathair e)

    Bhí giorrsach ann aon uair amháin agus bhí sí iontach bródail. Lá amháin bhí sí shuas an staraighe ag corruigh í-fhéin. Bhí sí ag amharc 'sa ghloinne agus thug sí fa dear go rabh a chuid súil cam i gceart. Rith sí síos agus dubhairt sí le na h-athair. Chaithfeadh mise da súil deasa a fhaghailt isteach.
    Cupla lá na dhiaidh sin thug a h-athair leis í go Doctuir Franncach a bhí na chomhnuidhe comhgarac dobhtha. Phioc an dochtuir Frannach an dha shúil amach aistí agus d'fag se ar phlata iad.
    Bhí cat mór breac ins an t-seomra agus nuair a fuair sé fáill sciob se leis an dhá shuil. Rith an Doctuir Franncach in ndiaidh an chaith agus fuair sé greim air. Phioc sé na suile amach as chionn an chait agus chuir sé isteach 'sa Chailín iad.
    Chuaidh an Cailín na bhaile annsin agus cúaidh gach rud ar aghaidh go maith go ceann seachtmhaine. Lá amháin bhí sí shuas an staraighe arais ag corruigh í féin. D'amharc sí amach ar an fuinneoíg agus thug sí fa dear go rabh luchóg na rith amuigh ar an t-sraid. Léim sí amach fríd an fhuinneoíg cionnus gur shaoil na súile gur cat a bhí inntí. Thuit sí síos agus briseadh a muineal ar an tsraid. Sin an díreac a fuair an giorrsac brodail. Is ólc an rud an bród.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0660: The Three Doctors
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Pháidín
    Gender
    Female