School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 192

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 192

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 192
  3. XML “Mairgní na Circe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Fuair mé an dúan beag seo ó ghiorrsach bheag ins an sgoil lá amháin. Sé Gráinne Nic Páidín a h-ainm, agus fuair sí ó na mathair e, as Druim Easoin ata rí-comhgarach leis an scoil annseo)

    Marganaigh na Circe

    Bhí coileach beag agam a rugadh sa Mairt,
    Chruinnigh na mna agus chuir siad an dúil ins an fheoil,
    Agus chaith siad an trath beag sin súgach go leor .

    Da bfeicfea mo choileach lá Aonaigh agus Margaidh
    Aníos agus síos an t-sraid;
    Fip in a dhorn a's é ag dul mar a b'í Rí ann.
    Péire spur geal de'n airgead déanta
    Hata faoi lafaí agus lamhainí buidhe.

    Cearc agus Coileach a dimthigh le chéile,
    Amach fríd na sleibhte ag deanamh a sola thar,
    "Ambó" ars' an Chearc agus í ag dul ar an fharradh
    Nach buartha bocht foinne mé ag innsint mo sgéal,
    Fa chéíle mo leaptha, athair mo cloinne,
    Sínte 'sa photha agus an leach ar a bheal.

    Spreaghadh ar mnaibh Doire Leatan!
    'S iad a chuir dúil ins an fheoil.
    Phioc siad a crúbaí, sgílt siad a chnamha
    Chaith siad an trath beag sin súgach go leor,
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Páidín
    Gender
    Female