School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 170
  3. XML “An bhFuil na Sióga ann nó nach bhFuil - An Ceol insan Bhinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An bhfuil na Sidheóga ann ná nach bhfuil.
    Amuigh ins an Gaelteacht annseo creideann na daoine go bhfuil na sideóga na gcomhnuidhe ann achan carraig, beann, agus spinncí atá san áit. Is iontaighe na sgealtaí a innseas cuid de na daoine fa dtaob do na sideóga a bhfaca siad agus na rudaí a rinne na sidheoga ceadna. Bhí sean-fhear na chomhnuide comhgarach dúinn dar ainm Aodh Ó Straín agus bhí sgealta deasa aige fa dtaob do na sideóg. Fuair Aodh bás san bhliadhain 1917- sé sin fice bhliadhain ó shin agus seo scéal a d’innis sé damh lá amháin a bhí mé ag iasgaireacht leis.
    Bhí muid ag teacht a bhaile, bhí mise óg ach bhí Aodh go measadhra sean agus stifilte, agus nuair a tháinic muid comh fada le beann a bhí ag cois na farraige shiudh Aodh síos le na sgíte a dhéanamh agus toit chaiteamh, shuidh mise síos ag na thaobh. Chaith muid tamall gan focal a radh, acht nuair a bhí an toit caitte ag Aodh, sheas se tamall ag amharc ar an bhinn. “ní deanfaidh e dearmadh go brath ar rud a tharlaigh domh oidhche amháin ag an bhinn seo,” arsa seisean. “Agus caidé tharluigh duit?” arsa mise. Agus shíos an scéal a d’innis Aodh damh).

    An Ceol ins an Bhinn
    “Oidhche amháin fa thuairim da fhichidh bhiadhain ó shion bhí mé féin agus fear eile as baile sagainne tá sé marbh anois, go deanaigh Dia trocaire air - amuigh ag iasgaireacht sgádan. Cuarach a bhí againn, oidhche breag geal i mí na Lughnasa a bhí ann, agus bhí an t-adh orainn an oiche sin cionnas go bhfuair muid lán an chuaraighe de sgádainibh. Fuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Aodh Ó Stráin
    Gender
    Male