School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 155
  3. XML “An Chéad Taibhse a Chonaic mé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá me cinnte go bhfuil cuid mhaith daoine annseo anocht a chualaidh iomradh ar an ridire Conyngham agus an scrios agus an dún-mharbadh a rinne sé ar na mnaibh, na paistibh agus na sean-fhearaibh Arainn Mhoir ins an bliadhain 1653. Chualaidh sibh fosta, tá me ag smaointeadh, fa Aod Bhán, as Arainn Mhóir, agus Séamus Cronn, as an Bhaoghalach agus an dóigh a lean siad Conyngham, agus an dóigh a mharbh siad e ag Dhoire Airt comhgarach leis an teamp-all galda ag an bhaile mór. O'n lá sin go dtí an lá indiu tá thaidhbhse Conyngham a bheith le feiceal in aice leis an áit a mharbhadh e, corr am anois agus arais. Tcidhfidh duine é, agus annsin a gcionn tamaill bhig eile duine eile, agus b'feidir ni fheiceas duine ar bith e go cionn roinnt mór bhliadhain.
    Is iomdha oidhche a d'eist me le na sean-dhuine ag tracht ar Chonyngham agus a thaidhbhse nuair a bhí me bheag agus mise 'mo shuidh i gcorr na teineadh ins na h-oidhcheannaí fhada gheimhridh. Tá cuimhne maith agam ar seanbhean a bhí 'na comhnuidhe cois dhorais linn. Máire Nic Shuibhne an t-ainm a bhí uirthí. Fuair sí bás nuair a bhí mise fa thuarim ocht mbliadhna de aois. Acht mar sin féin tá an sgéal a d'innis sí fa dtaobh da an am a bhfaca sí taidhbhse Conyngham comh geal ann mo ceann indiu as an chéad lá a chualaid mé e. Bhí Máire iontach sean nuair a fuar sí bas. Deir mo mhathair go rabh sí níos mo no 90 bhliadhna, bhí sí óg nuair a chonnaic sí an taidhbhse, 25 bliadhna no
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máire Nic Shuibhne
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female