School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 148
  3. XML “An Chéad Taibhse a Tháinig orm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí me óg bliadhanta o shion bhí me i gColaíste i bPorth i Lairge. Bhí me trí míosa no mar sin ann, agus oidhche amháin bhí me luighe ann mo leabhaidh nuair a mhusgail rud eiginteacht mé. Cha rabh fhios agam caidé a bhí cearr agus shuidh mé suas ann mo leabhaidh agus d'amharc me thart fa dtaobh díom. Bhí solus beag ag soilseadh agus bhí me ábalta 'ach a'n rud a fheiceal go maith. Sé lar na h-oidhche a bhí ann agus bhí gach duine san seomra na gcoladh go suimhneach. Shaoil mé gur bréaglacht a bhí mé agus lugihe me síos arais, acht mar sin féin tháinic seort eagla orm agus thuintigh me mo aghaidh leis an bhalla. Cha rabh me a bhfad mé luighe nuair a mhothuigh me an laimh fuar ar m'agaidh cosamhail le seo:-
    Bhí an ordóg faoi mo smig agus an cuid eile de'n laimh ar mo phluch dheas. Bhí an laimh iontach fuar - cosamail le sioc. Léim me amac as an leabaidh ar an urlar. Shaoil mé gur buachall eile a bhí ag imirt cleas orm, ach ní rabh duine ar bit a bheith le feiceal. D'amharc me i gcuid maith de na leabanaibh acht bhí 'ac a'n duine na gcodladh. Chuaidh mé mo luighe arais agus me ag smaointeadh caidé bhí ar siubhail ar scor ar bith. B'feidir go rabh me mo luighe deich bhomaití no mar sin, agus mo shuile drudite agam, nuair a tháinic an laimh ar mo aghaidh arais - an dóigh ceadna agus tháinic sé orm an cead uair. Amach go gasta liom ar an urlar, agus leath-bhróg mo laimh liom an iarraidh seo. Cha rabh duine ar bith a bheith le feiceal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir