School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 147
  3. XML “An bhFuil Taibhseannaí ann nó nach bhFuil?”
  4. XML “Insan Choláiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I mí na Feabhra 1933 bhí diospóireacht i gColáiste Bhrighidhe ins an Fhal Carach. Bhí buidhean amháin ag déanamh amach go bhfuil taidhbhseannaí ann cinnte go leor agus buidhean eile ag déanamh amach nach bhfuil an leithead ann ar scor ar bith. Bhí mé fhéin ameasg an drong a bhí ag déanamh amach go bhfuil taidhbheannaí ann, agus tá mé ag cur síos annseo na sgéaltaí a d'innis mé ag teisceint go bhfuil an leithead ann cinnte go leór. Creideann na daoine annseo ins an Ghaeltacht go bhfuil taidhbhseannaí ann gan amhras, a's is iomdha an sgéal a chuala mé na sean-daoine ag innse fa dtaobh díobhtha nuair a bhí mé óg. Caithfidh mé a radh gur creideann mé fhéin go bhfuil taidhbhseannaí ann chionnus gur mhothuigh mé iad, go bhfaca mé iad, gur chualaidh mé iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
  2. Tcidhim go bhfuil daoine annseo agus ní creideann siad go bhfuil taidbreannaí na sidheóga ann. B'al ní fhuil agam le radh fa dtaobh do na daoine seo acht go ndearcaidh Dia ar a gcuid ciall. Tá taidhbreannaí agus sideóga ann comh cinnte agus ta muid beo.
    Is iomdha duine a chasadh orm a b'faca taidhbhse, a's is iomdha sgeal a cualaidh mé fa dtaob díobhtha, agus comh maith le sin, mhothuigh me, cualaidh me, agus chonnaic me fein iad. Tá mé ag dul a innse cupla sgeul fa dtaob dobhtha anois agus tá na sgeulta seo comh fior agus ta muid annseo anoct. Agus seo an chéad sgeal cugaibh:-
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.