School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 146
  3. XML “A Liam a Thaiscidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rinne siad comh mór agus tá siad?"
    Och! an oiread sin a d'iomphchuir mé, an oiread sin a d'iompchuir mé." arsa Liam ann a ghlór mhór.
    "Tá muineal iontach fada agus caol ort," ars' an bhean, innis damh caidé rinne comh caol fada sin é?"
    "Och! ithte le na cuiteógaibh agus greimigh le na caorogaibh," iththe le na cuiteógaibh agus greimigh le na caorógaibh, a ars'an fear mór.
    "Is milteanach an ceann atá ort, caidé rinne e comh mór sin? ars' an bhean.
    "Och! an oiread sin a smaointeadh mé , an oiread sin a smaointeadh mé, ars Liam
    Thug an bhean fa dear anos go rabh béal iontach mór ar Liam. Bhí sé ag síneadh o chluas amháin go dtí an cluais eile, agus thug sí fa dear fosta go rabh a bhéal fosgailte aige, agus go rabh se ag amharc go géarr uirthí.
    "A Liam a thaisgí," ars' an bhean, "caidé rinne do bhéal comh mór sin?"
    "Le tusa a shlogadh! le tusa a shlogadh," ars Liam, agus leim sé ar an bhean agus shlug sé í i mblogam amhain agus amach an dhoras leis annsin mar a bhí splanca soilse ann agus chan fhacaidh duine ar bith an t-sean-bhean no Liam o'n lá sin go dtí an lá indiú. Séan diabhal a bhí ann. Sé sin deireadh an sgeál.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir