School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 119
  3. XML “An Bhean agus a Triúr Níon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am fad ó bhí fear 'na chomhnuidhe san bhaile seo agus shaoil ach an duine moran de. Fear maith a bhí ann agus níor iarr duine bocht rud eighin teacht de nach bhfuair sé é. Bhí bean agus triúr nighean ag an fhear mhaith seo agus bhí siad iontach seasgar ar fad agus bhí sean am bhreág ag na giorrsacaigh. Bhí roinnt maith oir ag an fhear seo agus bhí se faoi ghlas aige istuigh i mala mór leathar agus bhí an eocar aige ar chorda thart fa na mhuineal. Bhí an mala na shuide i gcoirneal an sheomra agus brath dearg thart fa dtaobh de.
    Acht nuair a bhí gach rud ag gabhail ar aghaidh go maith thuit an fear bocht tinn trathnona amháin agus leóga bhí se iontach olc ar fad agus bhí na mna uilig fríd le cheil. Cuireadh fa choinne un saghairt agus an dochtuir acht cha rabh a dhath a mhaith ann agus i gcionn trí laethe fuair an fear bocht bás agus bhí an bhaintreach agus a triúr nighean fagadh donach go leor.
    Chruinnigh na comhsarnaigh isteach chuig an fháire, agus cibé nach dtáinig thainig sean-cailleach na pisleóg a bhí na comhnuidhe ins an tír ag an am isteach agus chuaidh sí síos sa seomra i gcuideacht na mbean. Bhí gúna fada uirthi síos go dtí an talaimh agus bearad bán ar a ceann. Shuidh sí síos ag an doras ach bhí súil gearr aici, agus sula rabh sé cúig bomaite ins an seomra chonnaic sí an mala ins an coirneal. "Sin mala an oir" ars sise leithe fhéin agus chaithfidh greim a fhaghail air.
    Bhí duine eiginteacht ag teacht isteach, agus arsa an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir