School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 306
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gobán Saor.Lá da raibh an Gobán Saor ag pilleadh abhaile indhiaidh do bheith ag curtughadh oibre, agus é tuirseach, droich -misneamhail, suidh sé síos ar thaobh an bhothair go dtí gur thuit sé n-a chodladh. Bhí a chuid [úirlis]? i mhala in aice leis nuair a thuit sé n-a chodladh. Ghaib an sluagh-sidhe an treó agus chuireadar faobhair sé leith orsa. Mhusgail sé agus chuaidh sé abhaile. D’fhiafruigh a bhean de - an Ruaidhreach Dhearg abh ainm di - an bhfuair sé aon abair. Dubhairt an Gobán ná fuair.
“Níl leigeas agat air” adeir sí. D’fan an gobán sa bhaile annsin go ceann a trí nó a ceathair de lacthe, agus annsin d’imthigh sé arís go dtí áit ‘n-a raibh teach mór dá thogaint. D’iarr sé ar an máighistir a bhí ann an dhtabharfadh sé obair do. Bhí an máighistir agus an lucht oibre ag dul chun breacfasta agus arsan Gobán leo “Caidé bheas a dhéanamh agam go dtiocfaidh sibh arís”? “Ó, bí ag déanamh cait agus dhá eirbeall air” arsan máighistir ag magadh sé, agus d’imthigh sé leis chuig a bhricfeasta. Nuair a [dhsill]? sé bhí an cat déanta ag an nGobán, agus ní [fheacáis]? riamh cat dob’ fhearr ná é. Bhí(continues on next page)