School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)

Location:
Masiness, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Cholchuin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Más an Easa (C.)
  2. XML Page 266
  3. XML “Scéaltaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí páisde óg ann uair amháin agus fuair a athair bás. Thosuigh an gasúr ag gáiridhe agus arsa'n mháthair leis. Caidé an fáth a bhfuil tú ag gáraidhe agus d'athair marbh? Gheall sé damh indé go dtabharfadh sé bualadh dam indiú agus anois níl sé abalta, arsa'n gasúr.
    Bhí bean ann uair amháin agus bhí fear aicí dar bh'ainm Brian. Fuair sé bás agus chuaidh a bhean leis an tórramh go dtí an cros bhóthair, hí teach annsin agus bhí fear na chomhnuidhe ann d'ar bh'ainm Séan, sheasuigh an bhean annsin ag amharc i ndiaidh an tórramh agus dubhairt sí, beannacht leat a Bhrian go toigh Dé agus rachaidh mise go toigh Shéain.
    Bhí fear ann fadó agus ní rabh aige ach inghean amháin, bhí cúig daoisín caoirigh aige agus lá an aonaigh dubhairt sé leithe na caoirigh a thabhairt chun aonaigh agus iad a dhíol agus an t-airgead agus na caoirigh a thabhairt abhaile, bhí an cailín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Threartaigh
    Gender
    Female