School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 217
- XML “Cú Chulainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhad leó chá dtáinig sé aris”. “C’ainm iad arsa Cuchulann. Tá fear ann a dtabhrann siad an Gar
Garbhaile air agus Dragaoin Truanta ar an fear eile”. Chuala mé iomradh ortha arsa Cuchulann acht chá’n fhaca mé ariamh iad”. D’fhan sé ag an sean-dhuine an oidhche sin, agus ar maidin lá ar an bharach thug sé a aghaidh ar chúirt athara. An chéad fear a casadh air an Gar Garbhaile. Chuir sé ceist ar Cuchulann cé h-é ná goidé a gnaitheach an bealach sin. Dubhairt sé nach ar a ghach de a ghnaithe é. “Sompla bhocht” ar seisean le Cuchulann “béidh do cheann ar fhear de’s na speic sin thuas”. Chá bhíonn arsa Cuchulann ná thig liom é shábhail”.
Thosuigh an bheirt ar a chéile agus throid siad leobhtha go rabh nóin agus deireadh an lae ann. D’éirigh Cuchulann ar a chois dheis agus bhuail sé buille amháin de na chlaidheamh air agus steall sé an cheann de’n colann.
Tháinig sé aris an oidhche sin chuig an t-sean dhuine agus d’innis sé dó goidé mar bhí. Chuaidh sé lá ar na bharach arist agus casadh an Dragaoin Truanta air, agus níl an bhuille a rabh siad ag bualadh ar a chéile nach deacha go dtí’n cnámh agus ó-n cnámh go dtí’n smior(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Fearadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Creeslough, Co. Donegal