School: Más an Easa (B.) (roll number 14775)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Prionnseas Mac Carraigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (B.)
- XML Page 190
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Rí ann am amháin agus bhí mac amháin aige...”
(continued from previous page)ar mhullach an t-sneachta. Dubhairt sé annsin nach mbéadh bean a choidhche aige acht an bhean a mbéadh a croiceann chomh geal leis an t-sneachta, a chuid pluca chomh dearg le fuil an ghearrfiaidh, agus a chuid gruag comh dubh le cleite an fhiaich.
"Cha rabh bean ar an t-saoghal acht bean amháin a bhí mar sin, agus bí súil achán dhuine uirthí a bhí comh dóigheamhail sin. Cha rabh mac Riogh nó prionnsa ar an dómhan nach rabh a chuartughadh. Bhí céad "bloc" ins an gharraidge, agus ceann mac Ríogh no prionnsa ar achán "bloc" acú, acht an "bloc" amháin.
Líon an t-athair trí málai lán de airgead, agus ghleas sé trí beadhteachaigh agus dhá fhear agus mac an Ríogh. Chuir sé an t-airgead ar dhruim na beidhteach agus chuaidh sé fhéin ag marcuigheacht ar druim na beathadach ar mhullach an airgid. Cha deachaidh siad i bhfad go bhfaca siad criunnuighadh, agus d'iarr mac an Ríogh caidé'n cruinniughadh é sin, nó ní fhaca seisean cruinniughadh ar bith aríamh roimhe. D'innis siad do go rabh sin torramh, agus go rabh siad ag dul chun roilice le na chur.(continues on next page)- Collector
- Frank Mc Carry
- Gender
- Male
- Informant
- Mrs Anne Sheils
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Cashelmore, Co. Donegal