School: Más an Easa (B.) (roll number 14775)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Prionnseas Mac Carraigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (B.)
- XML Page 174
- XML “Bréaga Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bréag láidir agus chuir mé ar a chlár - éadan agus amach ar an taobh siar agus rinne mé gearrán bréag láidir. Chuir mé árbhar na h-Éireann ar a dhruim, agus chuaidh mé a mharcuideacht air agus idir dall agus dorcha bhain mé mo bhaile amach. Bhain mé an t-uallach de’n ghearrán agus thonntuigh mé amach i gcuibhreann féir é. [High]? mé mo chuid cos, chuaidh mé i luighe, agus cinnte go leór go rabh mé sáruighthe agus chodladh mé lá agus bliadhain.
Nuair a d’éirigh mé agus chuaidh mé amach, char fhág mé claidhe nó sgonnsa fá seacht míle damh nár scuabh mé ar shinbhal leis an seilg a rinne mé. Bhí coill dheas bogadh anall agus anonn Chuir mé céist caidé’n coill í seo mar ní rabh coill ar bith ann nuair a chuaidh mé a luigheadh.
Dinnis siad damh gurbh í sin an gearrán bán a bhí liomsa nuair a thainig mé leis an árbhar, agus gur fhás an choill sin amach as.
Chuaidh mé féin síos le fios no le amhras go bhfeicfinn caidé mar(continues on next page)- Collector
- Frank Mc Carry
- Gender
- Male
- Occupation
- Teacher
- Informant
- Mrs Anne Sheils
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Cashelmore, Co. Donegal