School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 98

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 98

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 98
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leigheasannaí
    Tá leigheas an chat-bhrád ag an seachtmhar mhac de theaghlach. An leas atá ar faithinne nó é a chur i bpoll beag uisge i gcarraig. Sé an leas atá ar an triuch nó dhul isteach faoi asal trí uaire. An leigheas atá ar chos leomhanta nó cnamh a chur claimh leanbh nuair a bheirtear é. An leigheas atá ar an bruiceannach nó cuid mhór neanntóg a bhruith agus an súgh de a ól. An leigheas atá ar an ruadh nó búidéal de uisge bachtach a fhághail agus cloch glas a thabhairt isteach agus trí píosaí ime a fhághail agus deor fola agus é a mheasgadh suas agus a chuimilt ar an ruadh trí maidin sul a n-éireochaidh an ghréin
    An leigheas atá ar súil nimhneach nó píosa im a fhághail agus fola a bhaint as do mhéar. Annsin béid fios agat caidé tá in do shúil. An leigheas atá ar sgeadamáin nimhneach nó stóca de shallainn te a chur air. Ta leigheas ag duine ar bith nach bhfaca a athair ariamh ar béal garbh.
    D'innis mo mhathair Brighid Nic a Léagha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic a Leagha
    Gender
    Female
    Address
    Murroe, Co. Donegal
    Informant
    Bríghid Nic a Leagha
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Murroe, Co. Donegal