School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 24

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 24

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 24
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí dhá bhuachaill i siopa lá. Nuair a bhí siad ag teacht n'an bhaile bhí aca le theacht trásna riolig. Dubhairt duine aca leis an duine eile "Rachaidh muid isteach sa roilig leis na cnoanna a chunntas." Chuaidh siad isteach sa roilig. Nuair a bhí siad ag dul isteach ar an ghafta thuit dhá cnó agus níor thóg siad iad. Tháinig fear thart agus chuala sé na bhuachaillaí ag cainnt. Bhí eagla air gur' Dia agus an diabhal a bhí ann ag cuntas na n-anam agus d'imthigh sé na rith go dtí go d'tainig sé fhad le fear a bhí ag obair i bpáirc. D'innis sé do go rabh Dia agus an Diabhal ins an roilig. Níor chreid an fear é. Dubhairt sé "Rachaidh mise go dtí'n roilig go bhfeicfidh mé" D'imthigh siad go dtí an roilig. Sheasuigh siad taobh amuigh de'n bhalla ag éisteacht leis na buachaillí ag rádh "ceann damhsa! Ceann duitse" agus nuair a bhí siad réidh ag cunntas dubhairt duine aca "Caidé fán bheirt atá taobh amuigh de'n bhalla." Bhí an bheirt fhear cinnte go b'é Dia agus an Diabhal a bhí ann agus d'imthigh siad na bhaile agus d'innis do achan duine go rabh Dia agus an Diabhal ins an roilig.
    D'innis mo máthair Máire Ní Ghearrbhaigh Doire Uí Fhrighil, an Fhalcarrach, Tírconaill an sgéal seo damh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Gearrbhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Gearrbhaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal