School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 12

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 12

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 12
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dhá dhearbhráthair ann uair amháin agus bhí duine aca saidhbhir agus an duine eile bocht. Bhí teaghlach mór ag an bhfear bocht agus ní raibh aon duine de theaghlach ag an bhfear saibhir. Achan oidhche bhí cuid páistí an fhir bhoicht ag caoineadh leis an ocras. Oidhche amháin tháinig fear beag ruadh isteach agus chuir sé ceist air caidé a bhí ar na páistí. Dubhairt seisean go raibh ocras ortha. Dubhairt an fear ruadh leis teacht amach. Nuair a chuaidh siad amach chuaidh siad go dtí teach an fhir shaidhbhir agus marbhaigh siad an t-sean bhean. Chuir an fear saidhbhir i annsin. D'imthigh an fear beag ruadh agus thóg sé an t-sean bhean amach as an uaigh agus d'fhág sé an t-sean bhean i dteach an fhir shaidhbhir. Dubhairt an fear saidhbhir annsin go dtabhairfeadh sé airgead go leor do'n duine a shuífeadh ar an uaigh agus nach leigfeadh duine éirighe. Dubhairt an fear beag ruadh go suidhfeadh seisean ar an uaigh agus annsin fuair sé trí míle punt agus thug sé sin don fear bocht. Bhí go leor le h-ithe agus le h-ól ag na páistí indiaidh sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Gearrbhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Gearrbhaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal