School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 103
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Léigheasanna
    Tá cuid mhór leigheasannaí ag na daoine. An ceann atá aca fá choinne an triuch dul faoí asal trí uaire achan lá ar feadh trí lá. Igcionn cúpla lá béadh biseach ort. Tá cúpla duine fán áit seo agus tá'n leigheas aca fá choinne an Chit-bhrád. Bíonn an leigheas ag an seachtmhadh mac nó ag an seachtmhadh inghean ins an teaglach acht gán inghean ar bith a bhéith idir na mic no gan mac ar bith ach bheith idir na ingheannacha. Sé an dóigh a gní siad an leigheas theacht trí luan ar maidin sul a n-éirigh an ghrían agus a gcuid lamha a cuimilt ins an áit atá an phian trí uair. Tá leigheas ag bean dó'n déideadh. Tá sí na comhnuidhe ar an Chraosloch. Sgríobhainn sí rud éiginteacht ar ghiota bheag pápéir, lásann sí coinneal agus cuireann sí éadach ar an pháipéir agus bheireann sí duit é. Má léigheann tú an phaipéar nó má chailleann tú é tiocfadh an déideadh ort arais. Leigheas atá fá choinne na faithinne:- má bhíonn tú amuigh agus poll beag uisge a fheiceail igcarraig agus do chuid lámha a nigh ann. Annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghearrbhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal