School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 1
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí bean agus buachaill ann aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Lá ámháin dubhairt an bhean leis an ghasúr dul go dtí teach an bhúisteára fá choinne croidhe caorach.Subhail an gasúr leis go dtí gur casadh fear air. Bhí an fear ag cathadh amach. Bhí an gasúr a rádh "croidhe caorach! croidhe caorach!" Dubhairt an fear leis gan sin a rádh ní ba mhó, no b'é sin an rud a rinne tinn é. Dubhairt an fear leis cionn amháin an bhliadhain seo agus gan cionn ar bith an bhlaidhain seo cugainn" a rádh. Bhí seisean a rádh sin go dtí go dtainig sé go dtí páirc in a rabhthar ag cur préataí Dubhairt na daoine leis " Cionn amháin an bhliadhain seo agus céad cionn an bhlaidhain seo chugainn " a rádh Bhí an gasúr a rádh sin go dtí gur casadh torramh air. Dubhairt na daoine leis gan sin a rádh ní ba mhó nó go mbuailfeadh siad é. Dubhairt siad leis na focla seo a rádh " cionn amháin an bhliadhain seo agus gan cionn ar bith an bhliadhain seo chugainn". Bhí an buachaill a rádh sin go dtí gur casadh fear air le súil amháin. Dubhairt an fear leis gan sin a rádh níos mó agus gan rud ar bith a rádh. Char labhair an gasúr ar chor ar bith, Nuair a chuaidh an gasúr isteach i dteach an bhúisteará char labhair sé Thug an gasúr sgilling do'n bhúistéir agus thug an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Mac an Bhaird
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Murroe, Co. Donegal