School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaintAn greadadh ar an teach ag braith é a leagaint. Bhítear ag caitheamh cloch isteach ar na fuinneógaibh, i n-éadan an dorais, agus ag iarraidh ar gach dóigh le briseadh isteach 'un a' tóighe. An dream a bhí istigh ag cosnadh bhí siad ag caitheamh amach na g-cloch ar ais ag aimsiú comh maith agus thiocfadh leó. Mhair an troid seo go d-tí an trí a chlog tráthnóna, nuair a fuair seargaint de na constáblaí- Mc Coombe- a bhí mar ainm air-dréimire agus chuir sé suas i n-éadan an toighe é. Toighthe dhá stóir a bhí ins na toighthibh a bhíodar ag cosnadh. Bhí an dréimire faoi an fhuinneóig, agus chuir fear de na cosantóirí forc fada amach ar an fhuinneóig. Leag sé an dréimire leis an forc, agus thuit an sarsaint mc Coombe, agus loiteadh go h-olc é. Léigh Uilic de Búrca R.M acht an Racáin (Riot act), agus bhí na saighdiúraí ag cur a g-cuid gunnaí i g-coir le sgaoileadh nuair a thainic an t-Athair Ó Ceallaigh ( uncail do'n Athair Mac Stiopháin) an t-Athair Mac Pháidín as Gaoth Dobhair, agus an t-Athair Mac Stiopháin 'un tosaigh. Bhí an triúr sagart ann agus d'iarr siad ar na daoinibh a theacht amach as an dún. Rinn siad sin.(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal