School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 272
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Eanair 3ú 1889”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar leanamhaint
    ród stróctha annsin fosta rompa. Bhí trucaill leó, agus thosuigh na saighdiúraí seo agus chóirigh siad na bealach mór agus chuaidh anonn thar an dainséar. Thainic siad a fhad le baile Uí Chonaill annsin go Caisleán an Tighearna- an t-Olfartach. Eisean a bhí ag tuitim amach leis an tionóntaí, a bhí gá ndíbirt agus a ba chionntuighe leis na Scottish Rifles seo a bhi i láthair. Chuir na saighdiúraí futha ins an sgioból i nBaile Uí Chonaill ón 1.1.1889 go d-tí an 3.1.1889.Bhí suas le duisín fear ( emergency) ins an chomhursanacht. Seán Austin an ceannphort do bhí ar na fearaibh (12) sin. Chuaidh siad síar go Bedlam (Gort a'Choirce) ar an 3.1.1889. Fuair siad dá fhear déag istigh ins an teach a ba le Pádraig Ó Domhnaill Bhítear le eisean agus a theaghlach a chur ar an bhealach-mhór. Bhí an 12 fear ag cosnadh an dúin. Bhí na saighdiúraí agus na "emergency men" faoi Uilic de Búrca R.M. Bhí muintir na tíre cruinn as gach cearn. Cuireadh síar iad ón teach. Chuaidh na "emergency men" taobh istigh dóibh agus thosuigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mághnus Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Baile Chonaill, Co. Donegal