School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 239
- XML “Scálán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá scálán i m.Baile na Bó, comhgarach do'n bhealach mhór. Tá sé ar thaoibh do láimhe deise de'n ród, mar bhéas duine ag dul ó'n Fhal Carrach go d-tí Dún-Fionnachaidh. An bealach mór atá comhgarach do'n Scálán anois, ní rabh sé ann i n-aimsir na géarleanmhna, ná ins an am a rabh gnáth-úsáid deánta de'n Scálán. Deirtear gur i n-am an ghorta a rinneadh an bealach mór. Tá ceárdcha san am i láthair comhgarach do'n Scalán.
San am a rabh na daoine ag freastal an Scaláin bhi sé suidhte thíos i log comhgarach do'n Abhainn bhuidhe. Ní rabh bealach mór ar bith comhgarach aige, agus bhi sé doiligh feicheál mar d-tiocfadh duine air de thaisme, sin nó eolas beacht aige ar an áit. Bhi dóigh mhaith agus áit mhaith éalóidh as. 'Leac an Aifrionn' a bheirtear mar ainm ar an Scálán seo faoi láthair. Léigheadh Aifrionn annseo go minic fadó, agus ins an am sin bhíodh an sagart in a chomhnuidhe amuigh ag an Tearmóinn. Bhi dearmad deanta ag na daoinibh fán áit seo, go d-tí timcheall deich mbliadhna ó shoin. Nuair a chruinnigh an t-Athair Art Ua Frighil S.C muintir na comhursanachta cupla lá le claidhe a chur thart ar an áit, le clocha a chruinniughadh agus chuir sé geabhtha ar thaoibh an bhealaigh mhóir leis na daoinibh a(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- an tAthair Ua Frigil
- Gender
- Male
- Age
- c. 56
- Occupation
- Sagart