School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 235
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chapallaibh ag teacht ón teach phobail dóibh tár éis an phósta. De shuibhal cois ba ghnáthach le mhór cuid na b-póstaidheach a bheith ins an cheanntar seo fadó. Ar an Aifrionn maidin go luath (8.30 a m) ba ghnáthach an lánamhain a phósadh. Rachadh iomlán annsin go d-tí teach taibhirne nó teach bidh eile comhgarach don teach a'phobail fá choinne a mbriocfasta.
Chaitheadh siad tamall maith annsin ag ól, ag damhsa agus ag ceóil, go mbeadh an tráthnóna ann le dul go teach na brighdeóige fá choinne an dinnéara, ceól, damhsa agus ólachán go maidin lá ar n-a bhárach.
An fear nuadh phósta bheir sé gloine nó dó de uisce beatha do gach fear a tchí sé ag obair fá fhad sgairte don bhealach mhór i ndiaidh an phósta. Na tighthe atá comhgarach don bhealach mhór rachaidh sé isteach ionnta, agus bhéarfaidh sé gloine do gach duine san teach. Is deo mhúineadh an t-uisce beatha seo a ghlacaint in do láimh, dá mbéadfá gan a bheith ag ól féin, agus é a chur le do phuisíní i ndiaidh an saoghal úr a mhairstin don lánamhain.
Le fáilte a chur roimh an lánamhain is minic a bhíos gunaí leis na comharsanaí, agus sgaoiltear cupla urchar le chur i n-iúl don lánamhain go bhfuil fáilte rompa i n-a measg.- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir