School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 231
  3. XML “Faisnéis na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    12. An dusta a bheith ag eirghe den bhealach gan siocair comhartha báistighe: Ceó bóthair nó 'séideán sidhe' a bheirtear ar an séideán is cionntaighe le seo.
    13. Na tonntracha móra bána agus cubhar orra a bheith ag rollughadh isteach 'un a chladaigh comhartha stoirme.
    14. Na réaltogaí a bheith ag damhsa a bheith an-lonnrach agus a bheith ag tuitim, mar dh'eadh go talamh comhartha siocáin.
    15. An cás a bheith ag sgread go mór ag Cill-Ulta comhartha siocáin.
    16. An barra a bheith ag séideadh fá Mhachaire Rabhartaigh comhartha fíor droch-aimsire. i e. le linn duine a bheith in a chomhnuidhe ar an Fhálcarrach.
    17. An barra a bheith le cluinstin ag sgread fá bhun na h-Abhanna Móire i nDruim na Teineadh ná e a bheith fán Tráigh Mór acht oiread sin comhartha go bhfuil tiormlach ag teacht. Dá fhad soir ón Chrois bhealach a bhíos an barra nó tuaim na fairrge sin mar is feárr an aimsir.
    18. An t-Sáile a bheith glas sin stoirm ag teacht.
    An t-Sáile a bheith gorm deas ciuín comhartha maith ar an aimsir.
    19. Na cuileóga a bheith ar eireoíg agus ag crónán go mór comhartha doineanna.
    20. Preabairí uisce. Creabhair beacha agus seangáin a bheith gnoitheach sin droch-chomhartha ar an aimsir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir