Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Donegal
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sean-Scoltacha ar leanamhaint
    aca agus an ceann dearg ar an cheann eile. San oidhche a bhí siad ann. Bhí cuid aca na suidhe ar stólaí agus an chuid eile na seasamh. Bhí cóta bainín tíre air agus brístí goiride donna. Bhí giota éadaigh casta thart fá na mhuineál. Bhí sean bhróga air. Bhéarfadh achan dhuine sgilling san mhí dó.
    2. Bhí fear ann aon uair amháin. Séamus O Dubhgáin a bhí air. Bhí sé na mhaighistir i mBaile na Bó. Thuit sé amach leis na daoine agus dimthigh sé. Chuaidh sé soir na Meachaire Meadhonach. Bhí sé ag teagasc istigh i sean sgioból. Bhí fuinneóg amháin air agus doras. Cha rabh áit ar bith teineadh ann. Teach ceanntuighe a bhí ann. Ins an oidhche bhí an scoil ann. Daoine móra uilig a bhí ann.
    Fear meadhon aosta a bhí ann. Bhí sé ag foghlam leigeamh agus sgriobhadh daobhtha. Bhí feasóg mhór fhada air ní rabh blagoid ar bith air. Bhí cóta gorm air agus briste buidhe. Bhí dhá mhaide ó cheann go ceann an toighe agus dhá mhaide treasna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Aoidh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Éadhmonn Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal