School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 168

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 168
  3. XML “Ceol Loch Oidhe”
  4. XML “Cócaireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    'S iomdha lá breágh fada chaith mé annsin ar bheagán buadhartha,
    Agus is iomdha lá bréagh fada chaith mé annsin ag deánamh uabhair
    Ag seóladh na mbó breac amach fríd ghleanntáin dheas na luachra
    Indiaidh a bheith ins an loch le teas na gréine 'g iarraidh fuaraidh.
    Seo an áit ar oil mo mhuintir mé nuair a bhí mé beag treith-lag
    Seo an áit ar cuireadh chodladh mé le ceóltaibh binn na Gaedhilge
    Seo an áit a mbím anois i bhfad ar shiubhal ag deánamh uaignis,
    Ag smaointiughadh ar mo bhunadh tá na gcodladh ins an uiagh ghlais.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bailightheóir: Ailbhe ÓCónáin, OS. Fálcarrach, leithbhearr.
    Seachaidhe: Caitlín Bean Uí Chomáin, Fálcarrach, leithbhearr.
    An dóigh le 'Boxty' a dhéanamh. I
    (a) Púnta preátaí fuara.
    (b) Púnta preátaí bruitthe
    (c) Púnta plúir
    (d) lán spunóige shalainn.
    (e) Lán spunóige sóid.
    An Módh
    (1) Nigh agus bain an craiceann de na préataí fuara. Scríob iad ar scríobán. Tionntuig iad isteach in-éadach líneadaigh agus fáisg an súgh asta isteach i sgála.
    (2) Cuir na préataí bruighte- glanta- brúighte isteach sa scála leis na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.