School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 138
  3. XML “Turas Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ( Ar leanamhaint)
    n-aghaidh gach uile.
    7. Caithfidh an té atá ag deanamh an turais a bheith costárnocht. ba chóir dó amach thart go bhfeicfeadh sé cia atá ag amharc ar Ard Fíonáin. 'Nois caithfidh sé é féin a choisriceadh.
    5 Paidir agus 5 Abhe Márie agus An Cré a rádh. Caithfidh sé a dhul síos ón árd go gainimh na trágha thíos faoi agus a aghaidh a thabhairt ar na creagachaibh agus na paidreacha céadna a rádh ar a ghlúnaibh. Caithfidh sé eirghe anois agus a aghaidh a thabhairt ar uisce na fairrge agus na paidreacha ceadna a rádh. I g-comhnuidhe ar a ghlúnaibh atá sé ag urnaighe dó. Caithfidh sé eirghe anois agus a chosa agus a lámha a nigheadh ins an tsáile. Annsin caithfidh sé dhul suas go d-tí an áit a bhfuil an t-uisce ag sileadh anuas de'n bheinn, agus leigint do'n uisce tuitim anuas i mullach a chinn air. Dheanfaidh sé seo trí h-uaire agus gach am déarfaidh sé Páidir agus Abhe Márie amháin.
    Rachaidh sé ar a ghlúnaibh anois agus déarfaidh sé 5 Páidir agus 5 Abhe Márie ag amharc isteach ar an talamh sé sin tá a chúl leis an fhairrge, agus a aghaidh ar an uisce atá ag sileadh anuas leis an bheinn[?]. Ar seo a bheith deanta dó eireochaidh sé agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Peigí Ní Dhuirnín
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal