School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sraith Mhór
- XML Page 9
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Gasúr abhí ag dul na scoile agus fuair sé pionna in a luighe ar an bhealach mhór agus thug sé leis in a láimh é.”
(continued from previous page)Thug sé an bhó leis na bhaile. B'eigean dó an bhó a bhuachailleacht annsin achán lá. Lá amháin bhí sé iongantach fliuch b'éigean do cóta mór a thabhairt leis. Nuair abhí sé ag dul isteach chuig a dhinnéir d'fhág sé an cóta mór in a shuidhe ar mhullaigh carraig 'san gháraidhe D'iarr se ar an cóta mór an bó a choimhead. D'iarr sé ar an charraig an cóta mór a choimhead. Nuair a chuaidh sé amach ní rabh an cóta mór le fághail ar cor-ar-bith Bhí sé itthe ag an bhó. Shaoil sé gur fholuigh an charraig an cóta mór air. Thionntuigh sé siar an charraig agus bhí poll mór faoin charraig agus é lán óir. Thug said leobhtha an t-ór 'na bhaile agus d'foghluigh said é. Nuair a fuair an-mháthair an gasúr amuigh d'fhoghluigh sise i n-áit eile é, bhí seisean ag buachaillleacht cois an bhealaigh mhóir lá amháin. Táinic an gharda agus d'innis seisean dó fhéin fán tór a fuair siad. Chuaidh seisean suas go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé é. Bhí sé foluighthe ag an mháthair i n-áit úr. An lá seo indiaidh an t-airgead d'fhághail fuair sé canna uisge galluighthe agus chuaidh sé suas ar mhullach an t-simléir agus chaith sé anuas é ar léara an ghasúir. An lá seo nuair a tháinic an gárda thosuigh an gasúr ag innse dó ca h-áit a d'foluigheadh an t-ór agus dubhairt an mháthair nach rabh a dháth de ar chor-ar-bith, nach bhfuair siad ór ar bith. Dubhairt an gasúr léithe nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a sgail tusa mo chuid leár'sa leis an uisge galuighthe anuas an t-simléir. Rinne an gárda amach nach rabh an gasúr i gceart agus nach rabh dé sgéal an airgid ar cor-ar-bith Rinne sé amach go suidhfeadh sé an oidhche sin go bhfeiceadh sé. Thuit an gárda in a chodhladh cois na teineadh agus mharbhuigh an mháthair agus an gasúr é. Chuir siad é maidin lá-na-bhárach 'sa gháraidhe. Nuair a d'imthigh an gasúr na sgoile d'áthruigh an mháthair é agus chuir sí i n-áit úr é. Marbh sí gabhar agus chuir sí 'san áit a rabh an gárda ciortha. Tháinig(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal
- Informant
- Anna Bean Aoidh Mhic Giolla Chearra
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal