School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 61

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 61

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 61
  3. XML “Pisreogaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    20. Rud ar bith a thuiteas uait na tóg é go dtógtar duit é.
    21. Nuair atá duine ag imtheacht ar thuras fada ba cheart sean-bhróg no maide-briste a chaitheamh na dhiaidh chun amh a chur air.
    22. Má théidheann duine isteach i dteach agus bunadh an toighe a bualadh maistreadh ba cheart do'n duine sin beannacht a chur ar an obair agus cúpla buille de'n lonaidh a bualadh. Muna ndéintear seo ní bhéidh im ar bith ar an cuinneóig.
    23. Is ceart teine mór a chur síos oidhche na marbh ar eagla go dtiocfadh na marbh arais ar cuairt agus iad fuar.
    24. Is ceart salann a chur ar bainne i gcomhnuidhe atá ag fágailt an toighe s'agat, nó muna ndeintear seo ní bhéidh amh ar bith 'sa teach.
    25. Ma deireann tú go bhfuil duine dóigheamhail is ceart i gcomhnuidhe beannacht Dé a chur ar an duine sin, Muna ndeintear seo b'féidir go ndeánfa droch-amharc air.
    26. Má phostar beirt deirbhsiúr taobh istoigh de'n bhlian amháin sé an dara bhean an chead bhean a gheobhas bás.
    27. Nior ceart duit uisge a ól nuair a bhíos tú ag buladh maistreadh.
    28. Níl sé adhmhail an t-salachar atá istoigh i dteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Uí hEarlaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ard an Chrainn, Co. Donegal