School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 32

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 32

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 32
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí Maghnus Ó Maoileagan agus a mhathair na gcomhnaidhe ar an Mhín Mhóir. Ag bun bhaile Mhaghnus bhí braoighean daoine beaga agus achán oidhche Shamhna ba gnathach lé Maghnus dul na braoighne agus bhíodh oidhche mhór aige leis na daoine beaga.

    (continued from previous page)
    Maghnus an cloch bheag agus sé ag marcuigeacht arís. I gcionn tamaill eile tháinig siad fhad lé baile mór eile. Dubhairt an comradaidhe leis gurb í sin an Roimh an áit a rabh a pápa inna comhnuidhe. Dubhairt Maghnus go rabh cupla focal aige lé radh leis an phápa. Tuir’n Maghnus agus chuaidh sé fhad leis an phápa. Dubhairt sé leis go rabh sagart paróiste na nGleanntach le h-athrughadh go Leitir-Ceanann agus gur mhaith leis na daoine é a congbhailt. Dubhairt an pápa nach dadaidh do a gnoithe é agus é bheith ar siubhal. Leag Maghnus síos an cloch bheag agus d’eirigh an teine thart fa’n pápa. Dubhairt an pápa go dtabhairfeadh sé do achan rud a bhí a dhith air [a]? an teine a chur as. Thóg Maghnus an chloch agus stád an [cl]? D’iarr Maghnus air dhá litir a sgríobhadh do ceann [d]? sagart na pharóiste agus ceann eile chuig an easbog gan an sagart pharóiste go brath a bhéadh ar na Gleanntaí a corrughadh as go bhfuigheadh sé bás. Nuair a fuair sé na litreacha d’imthigh sé ag marcuigheacht arais agus char stád sé go rabh sé ar an Mín-Mhóir. Chuaidh sé isteach chun toighe agus thug an leathar agus an t-síoda do a mhathair. D’iarr sé uirthí braon tae a dhéanamh do no go rabh sé ag dul siar (go) na nGleanntach le gnoitheach. D’imthigh sé leis agus nuair a bhí sé ag dul siar ag na beanna buidh casadh an sagart air ag teacht aniar. Thúg Maghnus an dá leitir do. D’iarr an sagart air dul siar chun toigh s’aiges-an agus fanocht go dtiocfadh seisean arais. Chuaidh Maghnus siar agus chaith sé seachtmhain ag ithe agus ag ól ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní hEarlaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ard an Chrainn, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó hEarlaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Ard an Chrainn, Co. Donegal