School: An tSraith

Location:
An tSraith, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 601

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 601

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An tSraith
  2. XML Page 601
  3. XML “An Ceannaí Rua agus an Caiptín Loinge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí caiptín luinge ann fadó agus bhí sé pósta le cúpla bliadhan, acht ní raibh aon pháiste aca. Chuala bean an chaiptín go raibh tobar beannuighthe i mBaile - Cruach agus dá ndéanfheadh sí seacht turas ann gach maidin go mbeadh páiste aicí. Chuaidh sí ar lóistín i dteach maoir a bhí na chómhnaidhe in aice an tobair bheannuighthe. Bhí ceannuighe ruadh ag dul thart agus fuair sé lóistín i dteach an mhaoir. Bhí fáinne óir ar mhéir mná an chaiptín agus thuit an ceannuighe i ngrádh leis an bhfáinne. Nuair d'éirigh an bhean ar maidin chuaidh sí go dtí an tobar beannuighthe chun turais a dhéanamh. Lean an ceannuighe ruadh í agus mharbhuigh sé í agus bhain sé an an fháinne di. Níor tháinig an bhean abhaile an uair a tháinig sí gach lá. Chuaidh muinntir an tighe ar a fáirnéis agus fuair siad marbh ag an dtobar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Cuideagáin
    Gender
    Female
    Address
    An tSraith, Co. Mayo
    Informant
    Pádraig Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    An tSraith, Co. Mayo