School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 590
- XML “An tSraith Thiar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina chómhnuidhe sa t-Sraith Thiar fadó agus sé an tainm a bhí air na Éamonn Bairéad. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag imirt cárdaí acht ní raibh airgead ar bith aige acht iasc. An oidhche seo bhí sé ag teacht abhaile agus bhí sé déidheannach san oidhche. Bhí faitchíos air mar bhí áit uaigneach ar thaobh an bhóthair.
Bhí mada aige agus gach áit a bhíodh sé thiocfaidh an mada in a dhiaidh. Ní raibh uaigneas air gur thosaigh an madadh ag léimrigh suas air agus ag sceamhghail. Léim sé arís agus arís eile acht níor thug Éamonn [?] áird air. Bhí an madadh mar sin gur tháinig go dtí an crosaire - bóthair. Chonnaic Éamonn cú fiadhán ina shuidhe ar thaobh an bhóthair. Thosaigh madadh Éamoinn ag troid leis. Rith Éamonn abhaile chómh tapaidh is bhí ina chosaibh mar fhios aige nach cú ceart a bhí ann. Ní dheachaidh Éamonn a chodladh mar bhí sé ag(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Tomás O Móráin
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- An tSraith, Co. Mayo